Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Léirbhreithniú ar an Litríocht agus Dearcthaí na bPáirtithe Leasmhara Náisiúnta. Tuarascáil 1: I dTreo Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla.
Is é SEALBHÚ, Lárionad Taighde OCBÁC um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge, a d’ullmhaigh an tuarascáil seo mar chuid de phróiseas comhairliúcháin a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla a fhorbairt. Seo an chéad cheann den dá thuarascáil atá coimisiúnaithe ag an Aonad Gaeilge um Scoileanna MeánBhéarla (AGSMB) sa Roinn Oideachais agus Óige (ROÓ). Bunaíodh an taighde a rinneadh don tuarascáil seo ar na trí phríomhphrionsabal thíos, a bheidh mar threoir don Phlean Gnímh don Ghaeilge: I. an tábhacht a bhaineann le meon dearfach a chothú i leith na Gaeilge II. gealltanas chun úsáid na Gaeilge a mhéadú III. beartais, gníomhaíochtaí, struchtúir agus acmhainní a chomhtháthú le chéile. Tá trí phríomhchuid sa tuarascáil: ● Cuid A: Léirbhreithniú ar an Litríocht; tugtar eolas sa chuid seo ar thorthaí ardleibhéil a bhaineann le taighde, teoiric agus cleachtas a bhí ann cheana agus atá ábhartha don chomhairliúchán reatha. ● Cuid B: Torthaí na Chéad Ócáide a Reáchtáladh leis na Páirtithe Leasmhara; tugtar eolas anseo ar phríomhthorthaí na chéad ócáide comhairliúcháin a reáchtáladh i bPáirc an Chrócaigh in Eanáir 2025. ● Cuid C: Moltaí ó Chruinnithe Déthaobhacha/Iltaobhacha leis na Páirtithe Leasmhara; tugtar eolas sa chuid seo ar na príomh-mholtaí a rinne na páirtithe leasmhara sa tsraith cruinnithe déthaobhacha/iltaobhacha a tionóladh ag deireadh an chomhairliúcháin in Aibreán/Bealtaine 2025. Ba chóir an tuarascáil seo a léamh i gcomhar leis na torthaí a léirítear i dTuarascáil 2 (Burke et al., 2025). Sa tuarascáil sin, déantar plé ar thuairimí na bpáirtithe leasmhara scoilbhunaithe, i.e., páistí, daoine óga, múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint, príomhoidí agus tuismitheoirí/caomhnóirí.
Publication Details
- Journal
- Dublin City University Open Access Institutional Repository (Dublin City University)
- Published
- 2025-09-01
- Primary Topic
- Irish and British Studies
- Type
- article
- Field-Weighted Citation Impact
- 0.00