Teagasc agus Foghlaim na Gaeilge i Scoileanna Meán-Bhéarla. Dearcthaí na bPáistí, na nDaoine Óga, na dTuismitheoirí, na Múinteoirí, na bPríomhoidí agus na Múinteoirí faoi Oiliúint. Tuarascáil 2: I dTreo Plean Gnímh don Ghaeilge i Scoileanna Meán-Bhéa
Reáchtáladh comhairliúchán fairsing chun léargas a fháil ar thuairimí réimse rannpháirtithe i leith theagasc agus foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna meán-Bhéarla. Sa tuarascáil seo, déantar iniúchadh ar thuairimí agus ar eispéiris páistí, daoine óga, múinteoirí, múinteoirí faoi oiliúint agus príomhoidí a bhfuil baint acu leis an oideachas bunscoile nó leis an oideachas iar-bhunscoile. Ar an iomlán, chuir na rannpháirtithe in iúl gur mhaith leo an Ghaeilge a fhoghlaim, ar bhonn prionsabail, ach dhírigh siad aird chomh maith ar réimse dúshlán a chuireann bac ar fhoghlaim na Gaeilge agus ar dul chun cinn sa Ghaeilge sa chóras i gcoitinne. Roinn na rannpháirtithe neart moltaí a rachadh chun sochair do thimpeallacht níos rathúla, níos ionchuimsithí agus níos spreagúla a chruthú d’fhoghlaim, do theagasc agus do mheasúnú na Gaeilge.
Publication Details
- Journal
- Dublin City University Open Access Institutional Repository (Dublin City University)
- Published
- 2025-09-01
- Primary Topic
- Irish and British Studies
- Type
- article
- Field-Weighted Citation Impact
- 0.00